Réaltán Ní Leannáin, Cois Life, 2019
============================================
Kliem ix-xiħ zomm fih.
(Éist le gaois na seandaoine)
Luigh sí sa dorchadas, ag smaoineamh. Bhí Nanna bhocht imithe. Ghoill sé go mór ar Chití nach raibh sí ann dá muintir, nach raibh sí i láthair do na deasghnátha. Má bhí brón uirthi bhí cumha uirthi fosta go raibh sí sa tír seo a bhí chomh difriúil sin lena tír dhúchais féin. Bhí a fhios aici gur shíl Tomaí go raibh sí seafóideach na comharthaí báis a chur ar taispeáint ach ní raibh bealach eile aici le déileáil leis seo. . . . B’in an lá a thuig sí go raibh sí scartha óna muintir. Chaillfí daoine eile agus ní bheadh sí ansin le slán a rá leo. Bheadh bainiseacha ann agus páistí ag teacht ar an saol agus ní fheicfeadh sí iad riamh.
Smaoinigh sí ar Carmen thall i Málta. Chonaic Cití chomh tógtha a bhí Carmen le Marku sular fhág sí féin an t-oileán. Níor thuig Cití cúrsaí grá i gceart ag an am sin, sular mheall Tomaí í lena aoibh dhorcha agus a chraiceann geal te. Ach thuig sí anois cumhacht an choirp agus na fola te, agus a dheacra is a bhí sé diúltú don dúil sin agus í múscailte sa duine. Hemm dwieb tal-ghenienel u bil-mantiet, mar a deireadh siad sa bhaile — ba chuma seál na n-íseal nó mantilla na n-uasal á chaitheamh agat. Is é sin, i ndeireadh na dála, bhí an corp céanna ag achan bean, agus an dúil chéanna inti.
Déanta na fírinne, bhí díoma nach beag ar Kati nach raibh an gníomh leapa seo chomh míorúilteach agus a gheall na għana a cheol na fir uilig agus ar dhearg na mná rompu. Thit a codladh féin uirthi gan mhoill, í marbhthuirseach i ndiaidh lá fada a chur isteach, ag éisteacht leis na għana céanna ag teacht tríd an fhuinneog. Sa leaba chaol, agus é ag goid an bhraillín uaithi, lean a fear céile nua lena shranntarnach.
“Ná cuirigí mbur muinín sna Sasanaigh,” arsa Manwel.
“Ach gheall síad dúinn é.”
D’amharc na Máltaigh ar a chéile, ach ní dúirt síad faic.
Thosaigh sé ag siúl suas an bóthar ar a bhealach chuig an áit cruinnithe. D’fhán sí ag an doras go dtí gur thiontaigh sé as radharc, ag smaoineamh ar Shailí agus a páistí, iad imithe go dtí an Cabhán. Ansin thóg sí an maindilín agus cheol sí għana, ceann a cheoladh a hathair is a huncail, agus iad ag teacht ar ais ó na goirt don tsuipéar ag deireadh lae. D’amharc daoine isteach ar an doras oscailte agus iad ag dul thar bráid. Mhoilligh cúpla duine chun éisteacht. D’oscail cúpla duine eile a ndoirse leis an cheol lúcháireach a ligean isteach ina dtithe féin.
Li kien kien, li kieku kieku
