Sa Teach Seo Anocht

Micheál Ó CONGHAILE, Cló Iar-Chonnacht, 2019

Is deacair tada a rá lena rá ceart, a deireadh mo sheanathair agus tuigim anois brí a ráitis, go háirithe sna gnóthaí seo. Bheifí ag léamh idir na línte. Thabharfaí an oiread suntais don rud nár dúradh leis an méid a bheadh ráite. Bheadh go leor ráite idir na línte, agus fiú mura mbeadh i gceist go mbeadh bhainfí go leor adhmaid as na spásanna. B’in nádúr an duine. An síorspíonadh. An síorchrá croí is imní a tharraingíonn mar bhrat trom timpeall air féin.

Nó ar thuig sí, ar thuig sí rud éicint i bhfad súl má thuig mise. Nach mbeadh inár bpósadh ach seal. Go mbeadh saol eile aicise, agus agamsa, ina dhiaidh sin. Go mbeadh sé ciallmhar a bheith praiticiúil. Go ngluaiseann rothaí móra an tsaoil seo timpeall ar phraiticiúlacht is pleanáil ní ar ghrá gasta, grá rábach ná craosach dá spleodraí, uileghabhálaí iad. Gur riachtanaí an phraiticiúlacht lá ar bith bíodh grá ann nó as nó ar sliobarna

Leave a comment

Design a site like this with WordPress.com
Get started