John Steinbeck. LeabharBreac, 2019

Cupla míle taobh theas de Soledad, corann Abhainn Salinas le fána agus caolaíonn sí isteach in aice an bhruaigh, faoin chnoc, áit a moillíonn sí ina linn dhomhain ghlas. Níl uisce na linne sin fuar, óir tá an abhainn tanaí taobh thuas den linn agus tig an t-uisce anuas thar an tanaí, ag sleamhnú thar an ghaineamh bhuí, faoi theas na gréine. Ar thaobh den abhainn tá learga órga na mbunchnoc ag síneadh suas go cuar réidh a fad le mullaí creagacha Shléibhte Gabilan; ach ar thaobh an ghleanna di tá crainn ag fás ar feadh an bhruaigh — crainn sailí a dtig duilliúr úrghlas orthu san earrach, tráth a mbíonn an bhruscarnach a fágann tuilte an gheimhridh fós ina luí i ngabhail na ngéag íseal — agus crainn seiceamair fá ghéaga geala breac-choirteacha atá ar cromsíneadh amach os cionn na linne. Tá scairbh ghainimh in aice an bhruaigh, faoi na crainn, agus tráth den bhliain bíonn sí cumhdaithe le brat domhain de dhuilleoga feoite a bhíonn chomh tirim briosc agus go ndéanann siad siosarnach le gach scinneadh dá dtugann na laghairteanna fríothu. Tamall roimh chlapsholas, tig na coiníní amach as an scrobarnach agus suíonn abhus agus thall ar an ghaineamh. Agus tá réileáin láibe ansin, iad greagnaithe le loirg racún agus le loirg leata mhadaí na rainsí, agus le loirg scoiltchrúba na bhfianna a thig anuas san oíche le deoch a ól as an abhainn.
