
Réaltán Ní Leannáin. Eabhlóid, 2021
Sheas sí taobh amuigh d’uimhir 13, Oranje-Nassaukade; seanteach mór ard státúil. Bhí armas os cionn an dorais, agus dáta: 1902. Bhí seantíleanna ar na ballaí sa phóirse, cinn oráiste agus órga. Tháinig aoibh ar Bhrídín. Má bhí traidisiún oráiste acu sa bhaile, ní raibh sé chomh maorga, saibhir leis seo. Bhuail sí ar an chnagaire mhór práis a bhí déanta i bhfoirm leoin. Chuala sí guth ag rá rud éigin in Ollainnis agus ansin, cling. Phreab an doras ar oscailt leathorlach. Bhrúigh sí ar an doras throm agus isteach léi.#Inní. Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir.
