An Bheachaireacht Shimplí
Simon Ó CRÓINÍN. Cló Iar-Chonnacht, 2019
Cheap muid gur tírín bheag a bhí inti ach thóg sé an chuid is mó den oíche orainn dul ó Caergybi go Y Drenewydd. Nuair a shroich muid Y Drenewydd ar maidin, Breatnais a bhí á labhairt ag chuile dhuine beo a casadh orainn, bail ó Dhia orthu. Nach muidne a bhí bródúil as ár dteanga féin an lá sin.
Tuairim is seachtain i ndiaidh a breithe, eitlíonn an mhaighdean go hard san aer i measc ladrainn an cheantair. Go hiondúil, eitlíonn sí amach idir a trí agus a leathuair tar éis a ceathair sa tráthnóna. Maireann na heitiltí seo tuairim is fiche nóiméad nó leathuair. Leanann na ladrainn tríd an aer í, agus ar an gcéad eitilt b’fhéidir go n-éireoidh le ceann nó péire acu craiceann a bhualadh léi. Ach, mo léan, má éiríonn, titeann na ladrainn bhochta chéanna go talamh, iad básaithe sula sroiceann siad an talamh, mar go bhfágann siad a gcuid magairlí i bhfostú inti. Nach uafásach an deireadh é! Tarlóidh sé seo gach lá nó gach dara lá ar feadh seachtaine go dtí go mbeidh sí cúpláilte le tuairim is deich nó dosaen ladrann.
Samhlaím bailte fearainn in aice láimhe lán le páirceanna beag nár treabhadh riamh, iad brataithe le caisearbháin, feochadáin agus bláthanna na seimre báine. Ba mhaith liom go mbeadh na páirceanna beaga sin timpeallaithe ag sceacha geala arda agus na sceacha sin iad féin clúdaithe go barr le driseacha. Samhlaím ar an taobh eile go mbeadh páirceanna móra míne treafa ann agus corrcheann acu sin curtha leis an ráib ghealbhuí ó am go chéile. Ar chúl ba mhaith liom go mbeadh portach beag ann, clúdaithe leis an bhfraoch mór ag deireadh an tsamhraidh, an planda a thálann an mhil is deise agus is blasta dá bhfuil ann.
